Seanfhocal 10:3-16 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

3. Ní fhágann an Tiarna an fíréan gan bhia,ach cuireann sé bac ar chraos an urchóidigh.

4. Leanann an bhochtaine an lámh gan fhuaimint,ach tuilleann an lámh fhuinniúil maoin.

5. Mac críonna a chnuasaíonn sa samhradh,ach cúis náire é an mac a chodlaíonn le linn an fhómhair.

6. Tá beannachtaí an Tiarna ar cheann an fhíréin,ach tá an foréigean i bhfolach i mbéal an urchóidigh.

7. Beidh cuimhne ar an bhfíréan faoi bheannacht,ach lobhfaidh ainm an urchóidigh.

8. Géilleann croí an eagnaí do theagascach tá tubaiste i ndán don chabaire baoth.

9. An té a shiúlann ar chosán na firéantachta, ní baol do;ach an té leanann na casáin chama, béarfar air.

10. An té a luíonn súil, adhnann sé aighneas,[ach an té a cheartaíonn go dána, déanann sé síocháin].

11. Is fionse beatha é béal an fhíréin,ach bíonn foréigean i bhfolach i mbéal an urchóidigh.

12. Gineann fuath achrann,ach cuireann an grá brat thar gach cóir.

13. Bíonn an eagna le fáil i mbéal an tuisceanaigh;ach an bata ar dhroim an duine éaganta.

14. Cuireann lucht na heagna an t‑eolas i dtaisce;ach leanann an tubaiste go dlúth ar an mbéal baoth.

15. A mhaoin is cathair dhaingean ag an duine saibhir;ach milleann a mbochtaine na bochtáin.

16. Tuilleann a thuarastal beatha don fhíréan;ní bhíonn ach [an bás] mar luach saothair ag an urchóideach.

Seanfhocal 10