16. Tuilleann a thuarastal beatha don fhíréan;ní bhíonn ach [an bás] mar luach saothair ag an urchóideach.
17. An té a ghéilleann don smacht, tá sé ar chosán na beatha;ach an té a dhiúltaíonn don cheartú téann sé amú.
18. Cuireann béal [lucht na córa] gobán ar an bhfuath;is amadán é fear na tromaíochta.
19. Nuair is líonmhar iad na briathra, ní bhíonn an choir in easnamh;is críonna é an té ag a bhfuil srian ar a theanga.
20. Togha an airgid ghil í teanga an fhíréin;ní fiú tráithnín aigne an urchóidigh.
21. Beathaíonn béal an fhíréin mórán daoine,ach faigheann amadáin bás le díth céille.
22. Beannacht an Tiarna a bhronnann saibhreas,agus ní chuireann seisean dólás léi.
23. Is geal leis an amadán an t‑olc a dhéanamh;ach teacht ar an eagna is gean le fear na gaoise.
24. An rud is eagal leis an urchóideach,tiocfaidh sé sa mhullach air;ach faigheann an fíréan mian a chroí mar fháltas.
25. Tar éis na stoirme, bíonn deireadh leis an urchóideach;ach bíonn bonn faoin bhfíréan go brách.
26. Dála an fhínéagra leis na fiacla, nó an deataigh leis na súile,sin mar bhíonn ag an leadránaí leis an té a sheol é.
27. Tugann eagla an Tiarna fad saoil,ach déanfar blianta an urchóidigh a chiorrú.
28. Suáilceas ar fad é dóchas na bhfíréan,ach rachaidh meath ar dhóchas an urchóidigh.
29. Dún daingean é an Tiarna d'fhear na beatha fíréanta,níl ann ach scrios do lucht an oilc a dhéanamh.
30. Ní chuirfear an fíréan go deo as a láthair,ach ní bheidh áit lonnaithe go brách ag an urchóideach.
31. As béal an fhíréin tagann eagna,ach gearrfar teanga na calaoise ar shiúl.
32. Tá an chneastacht ar sileadh le beola an fhíréin,ach calaois le beola an urchóidigh.