12. Gineann fuath achrann,ach cuireann an grá brat thar gach cóir.
13. Bíonn an eagna le fáil i mbéal an tuisceanaigh;ach an bata ar dhroim an duine éaganta.
14. Cuireann lucht na heagna an t‑eolas i dtaisce;ach leanann an tubaiste go dlúth ar an mbéal baoth.
15. A mhaoin is cathair dhaingean ag an duine saibhir;ach milleann a mbochtaine na bochtáin.
16. Tuilleann a thuarastal beatha don fhíréan;ní bhíonn ach [an bás] mar luach saothair ag an urchóideach.
17. An té a ghéilleann don smacht, tá sé ar chosán na beatha;ach an té a dhiúltaíonn don cheartú téann sé amú.
18. Cuireann béal [lucht na córa] gobán ar an bhfuath;is amadán é fear na tromaíochta.
19. Nuair is líonmhar iad na briathra, ní bhíonn an choir in easnamh;is críonna é an té ag a bhfuil srian ar a theanga.
20. Togha an airgid ghil í teanga an fhíréin;ní fiú tráithnín aigne an urchóidigh.