Seanfhocal 10:1-6 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Cuireann mac eagnaí gliondar ar a athair;ach cúis bhróin dá mháthair amadán mic.

2. Ní bhíonn an rath ar mhaoin mhíchnuasta;ach fuasclaíonn an fhíréantacht ón mbás.

3. Ní fhágann an Tiarna an fíréan gan bhia,ach cuireann sé bac ar chraos an urchóidigh.

4. Leanann an bhochtaine an lámh gan fhuaimint,ach tuilleann an lámh fhuinniúil maoin.

5. Mac críonna a chnuasaíonn sa samhradh,ach cúis náire é an mac a chodlaíonn le linn an fhómhair.

6. Tá beannachtaí an Tiarna ar cheann an fhíréin,ach tá an foréigean i bhfolach i mbéal an urchóidigh.

Seanfhocal 10