15. A mhic, ná gabh an bealach leo,agus ná leag do chos ar a gcosán.
16. (Óir tá siad ar cosa in airde chun an oilc,agus deifir orthu le fuil a dhoirteadh.)
17. Is fánach é an líon a leathadhagus an t‑éan ag faire.
18. Is ar a bhfuil féin a chuireann na fir seo luíochán;orthu féin a dhéanann siad eadarnaí.
19. Sin mar a bhíonn ag an muintir go léir a bhíonn ar thóir an tsaibhris le láimh láidir;sciobann an foréigean an t‑anam ón dream ar leo é.
20. Glaonn an eagna os ard ar na sráideanna,agus cuireann a gáir suas i bhfaichí an mhargaidh;
21. Éann sí ar bharr na mballaí,agus labhraíonn ag geataí na cathrach:
22. “A dhaoine saonta, an fada eile a thabharfaidh sibhgean do bhur saontacht?An fada eile a bhainfidh scigirí taitneamh as a scigireachtagus a bheidh drochmheas ag amadáin ar an eolas?
23. Tugaigí aird ar mo rabhadh;déanfaidh mé smaointe mo chroí a roinnt libh,agus mo theachtaireacht a chur in bhur láthair.
24. De bhrí gur ghlaoigh mé oraibh agus gur dhiúltaigh sibh éisteacht,gur shín mé mo lámh agus nár thug aon duine aird orm;
25. De bhrí nár thóg sibh ceann d'aon chomhairle do mo chuid,agus gur dhiúltaigh sibh do gach rabhadh uaim,
26. Déanfaidh mise gáire faoi bhur gcruachásagus magadh fúibh nuair a thiocfaidh an tubaiste oraibh,
27. Nuair a bhuailfidh an tubaiste sibh dála stoirme,agus a thiocfaidh an mí-ádh agus an anachain sa mhullach oraibh.
28. Glaoifidh siad orm ansin, ach gan freagra a fháil;lorgóidh siad mé, ach gan fáil orm.
29. Óir bhí fuath acu don eolas,agus níorbh é eagla an Tiarna ba rogha leo.
30. Ní ghlacfaidís le comhairle uaim,agus bhí drochmheas acu ar gach rabhadh uaim.
31. Uime sin ní foláir dóibh torthaí a gcúrsaí féin a chaitheamh,agus masmas a chur orthu féin lena mbearta féin.