1. Seanfhocail Sholaimh mac Dháiví rí Iosrael:
2. Le go mba eol céard iad an eagna agus an teagasc;le go dtuigfí briathra ciallmhara;
3. Le go bhfaighfí oiliúint in iompar críonna,san fhíréantacht, sa chóir, agus sa cheart.
4. Le críonnacht a thabhairt don saonta,agus eolas agus tuiscint don óg;
5. Le ciall an tseanfhocail agus na solaoide a cheapadh,briathra na saoithe agus a nathanna -
6. Éisteadh an t‑eagnaí freisin agus beidh breis eolais aige,agus beidh cumas dea-chomhairle ag an bhfear tuisceanach.
7. Tús na heagna eagla Dé;is beag ar na hamadáin an eagna agus an teagasc.
8. Éist, a mhic, le teagasc d'atharagus ná séan oiliúint do mháthar.
9. Beidh siadsan mar choróin ghrásta ar do cheannagus mar thorc ar do bhráid.
10. Má bhíonn peacaigh do do mhealladh, a mhic ó,ná géill dóibh.
11. Má deir siad: “Tar linn; téimis i luíochán le fonn fola;tugaimis fogha gan choinne faoi na neamhurchóidigh;