Salm 99:1-5 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Tá an Tiarna ina rí, tá na ciníocha ar crith;tá sé ina shuí ar na ceiribíní, creathnaíonn an talamh.

2. Is mór é an Tiarna i Síón;tá sé i réim os cionn na gciníocha uile.

3. Tugaidís moladh dá ainm óir is éachtach é agus is uamhnach;is naofa é agus [lán de chumhacht].

4. Is tú an Rí a thugann grá don fhíréantacht.Bhunaigh tú cothromas agus ceart agus cóir;agus chuir tú i bhfeidhm iad in Iacób.

5. Móraigí an Tiarna, ár nDia;umhlaígí i láthair a stóil choise;de bhrí gur naofa é an Tiarna.

Salm 99