Salm 98:1-7 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Salm. 1 Canaigí amhrán úr don Tiarna,óir rinne sé éachtaí.Le neart a dheasláimhe is a chuisle naofa,rug sé bua dó féin.

2. D'fhoilsigh an Tiarna a shlánú;nocht sé a fhíréantacht do na náisiúin.

3. Chuimhnigh sé ar a bhuanghrá agus a dhílsedo theaghlach Iosrael.Chonaic críocha uile na cruinneslánú ár nDé.

4. Gairdigí sa Tiarna a thíortha uile,agus nochtaigí bhur n‑áthas dó.

5. Canaigí Salm don Tiarna leis an gcruitagus le fuaim na cláirsí.

6. Tógaigí gártha le fuaim stoic agus adhaircedon Tiarna, ár Rí.

7. Bíodh an mhuir agus a bhfuil inti ag búiríl,an domhan agus a maireann ann.

Salm 98