Salm 97:6-12 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

6. Fógraíonn na flaithis a fhíréantacht;feiceann na náisiúin go léir a ghlóir.

7. Go raibh náire ar lucht adhartha na n‑íomhánna,a bhíonn ag maíomh as a n‑íola gan tairbhe;umhlaíodh na déithe go léir ina fhianaise.

8. Cloiseann Síón agus líonann sí d'áthas,agus tá lúcháir ar chathracha Iúdáas ucht do bhreithiúnas, a Thiarna.

9. Óir is tú an Tiarna go dearfain ardréim os cionn na cruinne,agus os cionn na ndéithe go léir.

10. Gránn an Tiarna an dream ar gráin leo an t‑olc;déanann sé anamacha a naomh a chosaint,á bhfuascailt ó láimh na n‑éagráifeach.

11. Tá solas á nochtadh don fhíréan,agus lúcháir do lucht an chroí dhírigh.

12. Déanaigí gairdeas sa Tiarna, a fhíréana;agus tugaigí buíochas dá ainm naofa.

Salm 97