1. Canaigí amhrán úr don Tiarna;canaigí don Tiarna, a thíortha go léir.
2. Canaigí don Tiarna agus molaigí a ainm;fógraígí a shlánú ó lá go lá.
3. Insígí a ghlóir i measc na gciníocha;agus a éachtaí i measc na náisiún.
4. Is mór é an Tiarna; is díol molta é;is díol eagla thar na déithe go léir é.
5. Ní dada iad déithe na gciníocha;ach is é an Tiarna a rinne na flaithis.
6. Is leis an ghlóir agus an gradam;tá cumhacht agus taibhse ina shanctóir.
7. Tugaigí don Tiarna, a chlanna na gciníocha;tugaigí don Tiarna glóir agus cumhacht,
8. tugaigí don Tiarna an ghlóir is dual dá ainm;tugaigí bhur dtabhartais libh isteach ina chúirteanna.
9. Tugaigí adhradh don Tiarna in éide naofa;bí ar crith ina láthair a dhomhan uile.
10. Fógraígí do na ciníocha: “Tá an Tiarna ina Rí,”shocraigh sé an domhan go daingean dochorraithe;tabharfaidh sé breith chóir chothrom ar na náisiúin.