1. Téanam agus canaimis don Tiarna;déanaimis gairdeas do charraig ár slánaithe.
2. Druidimis ina láthair le haltú buíochais;déanaimis pléaráca do le hamhráin mholta.
3. Óir is Dia mór é go dearfa an Tiarna;is rí mór é os cionn na ndéithe go léir.
4. Is ina lámha atá duibheagáin na cruinne,agus is leis mar an gcéanna na hardsléibhte.
5. Is leis an fharraige, óir is é a chruthaigh í;agus is iad a lámha a dhealbhaigh an talamh tirim.
6. Téanam, go n‑adharfaimis agus go sléachtfaimis;feacam ár nglúine i láthair an Tiarna a chruthaigh sinn.
7. Óir is é ár nDia é, agus is sinnepobal a pháirce agus caoirigh a láimhe.
8. Á, dá n‑eistfeadh sibh inniu lena ghlór:“Ná cruaigí bhur gcroí mar a tharla i Miríbeá,nó an lá úd ag Masá san fhásach
9. mar a ndearna bhur n‑aithreacha mo phromhadh,do mo thriail cé go bhfacadar mo bhearta.
10. Ar feadh daichead bliain ba ghráin liom an ghlúin sinagus dúirt mé: ‘Is seachránach a gcroí siúd;is pobal iad nach eol dóibh mo shlite.’