17. Murach an Tiarna a theacht i gcabhair orm,ní fada go mbeadh m'anam ag lonnú i log an chiúnais.
18. Nuair a shílim go bhfuil mo chosa ag imeacht uaim,is é do bhuanghrá, a Thiarna, a choinníonn i mo sheasamh mé.
19. Nuair is líonmhar iad buarthaí mo chroí,cuireann do shóláis aoibhneas ar m'anam.
20. An mbeidh cúirt na gcoirpeach i gcomhar leat,an dream a chuireann clóca an dlí ar an mioscais?
21. Tugann siad fogha faoi anam an fhíréin,agus daorann siad an neamhchiontach chun báis.