2. Tá do chathaoir arna daingniú ó na cianta;tá tú ann ón tsíoraíocht, a Thiarna.
3. Thóg na tuilte a nglór, a Thiarna;thóg na tuilte a nglór go torannach;thógadar a nglór go tolgach tréan.
4. Is cumhachtaí ná glór na n‑iluiscí,ná tonnta na mara móire,an Tiarna os a gcionn in airde.
5. Is dearfa go deimhin do reachtanna;is do do theachsa is cuí an naofacht,a Thiarna, go brách na breithe.