1. Tá an Tiarna ina rí is é gléasta le glóir;chlúdaigh sé é féin le neart;chrioslaigh sé é féin le cumhacht.Bhunaigh sé an domhan go dobhogtha.
2. Tá do chathaoir arna daingniú ó na cianta;tá tú ann ón tsíoraíocht, a Thiarna.
3. Thóg na tuilte a nglór, a Thiarna;thóg na tuilte a nglór go torannach;thógadar a nglór go tolgach tréan.