Salm 90:5-17 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

5. Sciobann tú chun siúil iad amhail aisling,nó mar fhéar úrghlas na maidine.

6. Eascraíonn sé ar maidin agus bláthaíonn sébaintear é agus feonn sé um thráthnóna.

7. Táimid dár gcnaí go dearfa le d'fhearg;scanraítear sinn le dásacht do dhíbheirge.

8. Chuir tú ár n‑urchóidí os do choinne,ár bpeacaí folaithe faoi sholas do ghnúise.

9. Gabhann ár laethanta tharainn is tú i bhfeirg linn;cuirtear deireadh lenár mblianta amhail osna.

10. Seachtó bliain suim ár saolré;nó ceithre fichid má fhaighimid ár sláinte.Saothar agus stró a sealsan;imíonn siad ar luas agus bíonn deireadh linn.

11. Cé a chuimhníonn ar chumhacht do chuid feirge;cé a mbíonn eagla air roimh neart do bhuile?

12. Múin dúinn giorra shaoil an duinechun go bhfaighimid críonnacht inár gcroí.

13. Fill orainn; cá fhad a bheidh tú feargach?Déan trócaire ar do shearbhóntaí, a Thiarna.

14. Tabhair ár sáith de do bhuanghrá ar maidin dúinn,go mbeidh áthas orainn agus gairdeas go deo.

15. Déan lúcháireach sinn i ndíol ar imir tú de bhuairt orainn;i ndíol na mblianta ina bhfacamar an t‑olc.

16. Taispeáin do bhearta do do sheirbhísigh;agus do chlú is do chumhacht do do chlann.

17. Go dtaga grásta ár dTiarna Dia anuas orainnagus go soirbhí tú saothar ár lámh;sea, go soirbhí tú saothar ár lámh!

Salm 90