Salm 86:3-14 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

3. Is tú mo Dhia; bíodh trua agat dom, a Thiarna,óir bím ag éamh ort gan stad ar feadh an lae.

4. Cuir áthas ar anam do sheirbhísigh,óir is chugat a thógaim m'anam, a Thiarna.

5. Óir is maith agus is ceansa thú, a Thiarna,lán de bhuanghrá dá mbíonn ag éamh ort.

6. Éist le m'urnaí, a Thiarna;tabhair aire do ghlór mo ghuí.

7. Is ortsa a ghlaoim lá mo bhuartha;de bhrí go n‑éisteann tú liom.

8. Níl do shamhail i measc na ndéithe, a Thiarna;ná níl neach ann a dhéanfadh do ghníomhartha.

9. Na ciníocha go léir a rinne tú,tiocfaidh siad do d'adhradh, a Thiarna;agus déanfaidh siad d'ainm a fhógairt.

10. Óir is éachtach tú agus is iontach iad do ghníomhartha;is tú amháin is Dia ann.

11. Múin do shlí dom, a Thiarna;i dtreo go siúlfainn i d'fhírinne;agus déan mo chroí a dhíriú,i dtreo gurab eagal liom d'ainm.

12. Tabharfaidh mé buíochas duit ó chroí, a Thiarna Dia;agus molfaidh mé d'ainm go brách.

13. Óir ba mhór é do thrócaire go deimhin orm;sciob tú m'anam leat ó dhuibheagán ifrinn.

14. D'éirigh lucht díomais i m'éadan, a Dhia,tá drong gan trua ar thoir m'anama,drong nach bhfuil aird acu ortsa.

Salm 86