Salm 86:11-17 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

11. Múin do shlí dom, a Thiarna;i dtreo go siúlfainn i d'fhírinne;agus déan mo chroí a dhíriú,i dtreo gurab eagal liom d'ainm.

12. Tabharfaidh mé buíochas duit ó chroí, a Thiarna Dia;agus molfaidh mé d'ainm go brách.

13. Óir ba mhór é do thrócaire go deimhin orm;sciob tú m'anam leat ó dhuibheagán ifrinn.

14. D'éirigh lucht díomais i m'éadan, a Dhia,tá drong gan trua ar thoir m'anama,drong nach bhfuil aird acu ortsa.

15. A Thiarna Dia na trua agus na taise,ar deacair thú a spreagadh chun feirge,agus atá lán de ghrá agus d'fhírinne:

16. Féach orm agus bíodh trua agat dom.Tabhair neart do do ghiolla, a Thiarna,agus cúnamh do mhac do bhanóglaigh.

17. Tabhair dom comhartha do cheanago bhfeice mo naimhde é is go ndéantar a náiriú,toisc gur bhronn tú orm cabhair agus sólás, a Thiarna.

Salm 86