Salm 85:9-14 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

9. Éistfidh mé leis an Tiarna Diaóir labhróidh sé ar son na síochána -síocháin dá mhuintir agus dá fhíréin;agus don dream a d'iompaigh chuige ó chroí.

10. Tá a shlánú i ngar do lucht a eaglaithe;chun go gcónódh a ghlóir inár dtír.

11. Casadh ar a chéile an buanghrá is an dílseacht;phóg an fhíréantacht agus an tsíocháin a chéile.

12. Eascróidh an dílseacht as an talamh;agus breathnóidh an fhíréantacht ó neamh.

13. Cuirfidh an Tiarna an séan orainn;agus tabharfaidh an talamh a thoradh uaidh.

14. Rachaidh an fhíréantacht roimhe amach;agus an slánú i slí a choiscéimeanna.

Salm 85