Salm 83:1-9 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Amhrán. Salm Ásáf.

2. Ná bí i do thost, a Dhia;ná bí balbh, a Dhia; ná bí ciúin.

3. Óir féach! tá do naimhde ag tógáil clampair;agus tá do lucht fuatha ag tógáil a gcinn.

4. Chinn siad ar chomhairle in aghaidh do phobail;chuaigh siad i gcogar in aghaidh aos do ghrá.

5. Dúirt siad: “Déanaimis a scriosadh mar phobal;go ndéanfar dearmad ar ainm Iosrael feasta.”

6. Déanann siad cogar le chéile d'aon intinn;déanann siad cor agus conradh i do choinne.

7. Pubaill chlanna Eadóm agus Ísmeáéil;pubaill chlanna Mhóáb agus Hágár,

8. Geabal agus Amón agus Amáiléic;na Filistínigh agus lucht áitrithe na Tuíre,

9. Chuaigh an Asaír mar an gcéanna i gcomhar leo;a thabhairt cúnaimh agus nirt do chlann Lót. Selah

Salm 83