Salm 82:4-8 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

4. Fuasclaígí a bhfuil faoi ansmacht agus ainnise;sabhálaigí ó láimh na n‑éagráifeach iad.”

5. Bíonn siad ag útamáil gan tuiscint sa dorchacht;agus fothaí na talún á mbogadh.

6. Is é rud a dúirt mé: “Is déithe sibh;clann an Té is Airde sibh uile.

7. Éagfaidh sibh, mar sin féin, ar nós daoine;agus titfidh sibh mar a thitfeadh prionsa ar bith.”

8. Éirigh, a Dhia! tabhair breith ar an talamh;óir is leat na ciníocha go léir.

Salm 82