Salm 8:1-5 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Do stiúrthóir an chóir. Ar an “gittith”. Salm Dháiví.

2. A Thiarna, ár dTiarna, nach éachtach éd'ainm ar fud na cruinne!Moltar do mhaorgacht os cionn na spéartha

3. as béal naíonán agus leanaí cíche.Bhunaigh tú daingean in aghaidh d'eascairded'fhonn naimhde agus ceannaircigh a chloí.

4. Nuair a fheicim na spéartha, saothar do mhéar -an ré agus na réaltaí a rinne tú -

5. cad is duine ann go dtógfá ceann de?ná mac an duine go ndéanfá cúram de?

Salm 8