Salm 78:43-49 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

43. nuair a d'oibrigh sé a éachtaí, san Éigipt,a mhíorúiltí ar mhachaire Zoan;

44. nuair a rinne sé fuil dá n‑aibhneachaionas nach bhféadfaidís an t‑uisce a ól.

45. Chuir sé cuileoga chucu a d'alp iad,agus froganna ina scaotha á milleadh.

46. Thug sé a bhfómhar don chruimh,agus toradh a saothair don lócaiste.

47. Mhill sé a bhfíniúna le clocha sneachtaagus mhill a gcrainn bhána leis an sioc.

48. Bhuail sé a n‑airnéis le clocha sneachtaagus a gcaoirigh le caora tine.

49. Lig sé amach orthu racht a fheirge,a chuthach agus a fhraoch agus a chonfa;slua de thimirí na tubaiste,

Salm 78