1. Salm Ásáf. 1 Nach maith atá Dia don dream díreach;an Tiarna dá bhfuil glan ó chroí.
2. Ach is beag nár sciorr mo chosa uaim;is beag nár shleamhnaigh mo chéimeanna;
3. Óir bhíos ag éad le lucht éirí in airde,ag faire dom ar shéan na n‑éagráifeach.
4. Ní bhíonn siad siúd á gcrá ná á gciapadh;is slán a gcorp agus is sleamhain.
5. Níl páirt acu in anacraí na so-mharaithená ní dhéantar a sciúrsáil mar dhaoine eile.
6. Uime sin, is é an t‑uabhar a muince,agus folaíonn an foréigean iad amhail éadach.
7. Bíonn a gcroí ag cur thar maoil le mioscais;brúchtann smaointe a n‑intinne amach.
8. Bíonn siad ag fonóid is ag labhairt go mailíseachagus beartaíonn siad an t‑ansmacht go huaibhreach.
9. Tugann siad fogha faoi na flaithis lena mbéalagus triallann a dteanga ar fud an talaimh.
10. Dá bhrí sin bíonn an pobal á moladhagus slogann siad a mbíonn á rá acu.
11. Agus deir siad: “Cá bhfios do Dhia?An amhlaidh is eol don Té is Airde?”
12. Féach! sin é dála na bpeacach;téann siad i saibhreas agus iad ar a sástacht.
13. Nach díomhaoin dom mo chroí a bheith glan agamagus mo lámha a ní san ionracas,
14. agus mé bheith do mo chrá ar feadh an laeagus do mo smachtú gach aon ré solais!