Salm 72:3-11 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

3. Go n‑iompraí na sléibhte síocháin don phobalagus na cnoic fíréantacht.

4. Go ndéana sé cosaint ar dhaoine ísle an phobail;go saora sé clann na mbocht,agus go mbrú sé lucht daorsmachta.

5. Go maire sé mar an ghrian agus an ghealach;ó aois go haois;

6. mar fhearthainn ar an bhfód féir ghlais;mar cheathanna ar an talamh.

7. Go mblátha síocháin agus fíréantacht lena linnnó go meathfaidh an ghealach.

8. Go raibh a réim ó mhuir go muir;ón Abhainn Mhór go críocha na cruinne.

9. Titfidh a naimhde ina láthair;lífidh siad an luaithreach.

10. Tiocfaidh ríthe Thairsís agus na nInsí,ag triall air le tabhartais.Tabharfaidh ríthe na hAráibe agus Seababronntanais chuige.

11. Cromfaidh an uile rí go talamh ina láthair;déanfaidh gach cine fónamh dó.

Salm 72