Salm 72:1-15 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. [Salm] Sholaimh. 1 Bronn do bhreithiúnas, a Dhia, ar an rí,agus d'fhíréantacht ar mhac an rí;

2. chun go dtuga sé ceartbhreithiúnas ar a phobalagus cothrom do dhaoine bochta.

3. Go n‑iompraí na sléibhte síocháin don phobalagus na cnoic fíréantacht.

4. Go ndéana sé cosaint ar dhaoine ísle an phobail;go saora sé clann na mbocht,agus go mbrú sé lucht daorsmachta.

5. Go maire sé mar an ghrian agus an ghealach;ó aois go haois;

6. mar fhearthainn ar an bhfód féir ghlais;mar cheathanna ar an talamh.

7. Go mblátha síocháin agus fíréantacht lena linnnó go meathfaidh an ghealach.

8. Go raibh a réim ó mhuir go muir;ón Abhainn Mhór go críocha na cruinne.

9. Titfidh a naimhde ina láthair;lífidh siad an luaithreach.

10. Tiocfaidh ríthe Thairsís agus na nInsí,ag triall air le tabhartais.Tabharfaidh ríthe na hAráibe agus Seababronntanais chuige.

11. Cromfaidh an uile rí go talamh ina láthair;déanfaidh gach cine fónamh dó.

12. Óir saorfaidh sé an bocht nuair a ghlaofaidh sé air;agus an donán gan chúnamh.

13. Beidh trua aige don lag is don bhocht,agus sábhálfaidh an duine dealbh.

14. Saorfaidh sé a n‑anam ón bhfeall is ón bhforéigean;óir is luachmhar leis a bhfuil.

15. Go maire sé i bhfadis go mbronntar air ór na hAráibe.Beifear ag guí ar a shon i gcónaí;á bheannachadh ar feadh an lae.

Salm 72