2. Fuascail mé i d'fhíréantacht agus saor mé;claon chugam do chluas agus tarrthaigh mé.
3. Bí agam i do charraig dhídine,i do dhúnfort daingean do mo tharrtháil;óir is tú mo charraig is mo dhún.
4. Fuascail mé as láimh an urchóidigh,as greim an ainbheartaigh agus an aintiarna.
5. Óir is leat atá mé ag feitheamh, a Thiarna;a Dhia, is tú mo dhóchas ó m'óige.
6. Is ort atá mo sheasamh ó rugadh mé,ó bhroinn mo mháthar ba thú mo dhídean;ionat a bhíodh mo dhóchas i gcónaí.
7. Ba ábhar iontais mé ag mórán daoineach is tú mo chúntóir cumasach.
8. Is lán mo bhéal de do mholadhagus de do ghlóir ar feadh an lae.
9. Ná caith uait mé i ndeireadh m'aoise;ná fág mé liom féin nuair a mheathfaidh mo bhrí orm.
10. Óir bím i mbéal mo naimhde;téann lucht mo bhraite i gcomhairle le chéile
11. á rá: “Tá sé tréigthe ag Dia;téigí ar a thóir agus beirigí air,óir níl aon neach ann lena shaoradh.”
12. A Dhia, ná bíse i bhfad uaim;déan deifir, a Dhia, agus cabhraigh liom.