1. Ortsa, a Thiarna, atá mo thriall;nár dhéantar mo náiriú go deo.
2. Fuascail mé i d'fhíréantacht agus saor mé;claon chugam do chluas agus tarrthaigh mé.
3. Bí agam i do charraig dhídine,i do dhúnfort daingean do mo tharrtháil;óir is tú mo charraig is mo dhún.
4. Fuascail mé as láimh an urchóidigh,as greim an ainbheartaigh agus an aintiarna.