Salm 69:32-37 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

32. Is mó a thaitneoidh sin leis an Tiarnaná damhra le hadharca agus crúba.

33. Féachaigí, a lucht na huirísle, agus gairdigí;bíodh tógáil croí oraibh, a lucht chuardaithe an Tiarna.

34. Óir éisteann an Tiarna leis na bochta;ní thugann sé droim láimhe dá bhraighdeanaigh.

35. Go mola na spéartha agus an talamh é;an mhuir agus a maireann inti.

36. Óir déanfaidh Dia Síón a shaoradhagus atógfaidh sé cathracha Iúdá.

37. Déanfar cónaí iontu, beifear á sealbhú:beidh siad ina n‑oidhreacht ag sliocht a sheirbhíseach,ina n‑áitreabh ag lucht a ainm a ghráú.

Salm 69