Salm 69:23-29 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

23. Go raibh a mbord ina dhol chun a gceapthaagus a bhfleánna ina ngaiste dá gcairde.

24. Go ndalltar a súile ionas nach bhfeice siad;go raibh crith cos is lámh orthu go brách.

25. Go lige tú do racht amach orthu.Go mbeire orthu teas do dhíbheirge.

26. Go bhfágtar a gcampa ina uaigneas;go bhfágtar a n‑áitribh gan neach iontu.

27. Óir chuir siad tóir ar an té a bhuail tú,agus chuir créacht leis na créachtaí a thug tú dó.

28. Cuir urchóid i gcionn a n‑urchóide,agus nár thaga siad choíche chun d'fhíréantachta.

29. Scriostar as leabhar na mbeo iadagus ná scríobhtar a n‑ainmneacha i measc na bhfíréan!

Salm 69