1. Don stiúrthóir. Leis an bhfonn “Na Lilí”. [Salm] Dháiví. 1 Tarrthaigh mé, a Dhia;tá na huiscí go bun na gcluas orm.
2. Táim do mo shlogadh i láib an duibheagáin,gan cos i dtaca agam.
3. Chuaigh mé thar foras i ndoimhne na mara;táim do mo bhá ag na tonnta.
4. D'éirigh mé cortha de bheith ag glaoch;tá mo scornach tirim.Tá radharc mo shúl ag meath ormagus mé ag feitheamh le mo Dhia.
5. Ní lia ribí mo chinnná lucht m'fhuatha gan fáth.An drong lér mian mo mhilleadhsáraíonn siad mé go héagórach.An amhlaidh a thabharfaidh mé ar aisan ní nár ghoid mé?
6. Is eol duit mo bhaois, a Dhia;is léir duit mo chionta.
7. Nára cúis náire mé do d'aos muiníne,a Thiarna Dia na slua.Nára cúis anbhá mé dá mbíonn ag feitheamh leat,a Dhia Iosrael.
8. Ar do shonsa a d'fhulaing mé aithisagus bhí luisne na náire i mo ghnúis.
9. Is strainséir mé ag mo bhráithre féin;is coigríoch mé ag clann mo mháthar.
10. Tá mé ar lasadh le dúthracht do do theach;is orm a thit aithisí lucht do cháinte.
11. Nuair a chiap mé m'anam le troscadhchaith siad achasán liom dá chionn.
12. Agus an uair a chuir mé sacéadach ormis amhlaidh a bhí mé i mo cheap magaidh acu.
13. Bíonn na dailtíní sráide ag tromaíocht orm,agus is ábhar amhrán mé ag lucht ólacháin.
14. Chugatsa a chuirim m'urnaí, a Thiarna,ar uair na faille, a Dhia.Éist liom de réir do mhórthrócaireagus do chúnaimh gan teip.
15. Tóg as an láib mé d'eagla mo bháite;saor mé ó m'eascairde.Saor mé ó dhuibheagán na mara