Salm 68:17-25 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

17. Cad fáth a bhfuil éad oraibh, a shléibhte beannacha,ag féachaint ar an sliabh daoibh a thogh Dia mar áras?Is ann a bheidh an Tiarna ina chónaí go brách.

18. Tá na mílte agus na mílte de charbaid Dé ann;tháinig an Tiarna ó Shíonái chun an ionaid naofa.

19. Ghabh tú in airde agus braighdeanaigh mar aon leatagus ghlac tú le tíolacthaí ó dhaoine, a Thiarna -fiú amháin ó lucht ceannairce i d'áras, a Dhia.

20. Moladh leis an Tiarna ó lá go chéile,an Dia a thugann taca dúinn; is é ar slánaitheoir é. Selah

21. Dia a thugann tarrtháil orainn an Dia seo againne;tugann an Tiarna ár nDia doras éalaithe ón mbás dúinn.

22. Déanfaidh Dia go dearfa cloigeann a naimhde a bhascadh;baithis mhongach an té a chéimníonn gan staonadh ina chionta.

23. Is é a dúirt an Tiarna: tabharfaidh mé ar ais ó Bháiseán iad;tabharfaidh mé ar ais iad ó dhuibheagáin na mara,

24. chun go dtomfaidh tú do chosa i bhfuil do naimhdeagus go mbeidh a gcuid féin díobh ag teangacha do mhadraí.

25. Feictear do mhórshiúlta sollúnta, a Dhia;mórshiúlta mo Dhé agus mo Rí san ionad naofa;

Salm 68