Salm 66:5-10 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

5. Téanaigí agus féachaigí oibreacha Dé -na héachtaí a rinne sé idir daoine.

6. Rinne sé talamh tirim den mhuirionas go ndeachaigh siad de chosa tríd an abhainn;déanaimis gairdeas ann, dá bhrí sin.

7. Rialaíonn sé lena chumhacht go brách;bíonn a shúile ag faire na náisiúnsula n‑éireodh lucht ceannairce ina éadan.

8. Beannaígí dár nDia, a chiníocha,go gcluintear a mholadh os ard,

9. Óir is é a thug beatha dár n‑anamagus nár lig dár gcosa bheith ag tuisliú.

10. Óir is tú, a Dhia, a thástáil sinn,mar a thriailtear an t‑airgead sa tine.

Salm 66