Salm 65:1-6 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Do stiúrthóir an chóir. Salm Dháiví. Amhrán.

2. Is duit is dleacht ár moladhi Síón, a Dhia.Is duit a chomhlíonfar ár móid,

3. ós tú a éisteann lenár nguí.Ortsa atá triall gach aon neach

4. lena eire urchóide.Luíonn ár lochtanna go trom orainnach tugann tusa maithiúnas dúinn.

5. Is méanar don té a roghnaíonn tú,á ghlaoch chun do chúirteanna.Sásófar le flúirse do thí sinn,le hionad naofa do theampaill.

6. Déanann tú éachtaí i d'fhíréantacht dúinn,a Dhia ár slánaithe.Dóchas críocha uile na cruinne thúagus na bhfarraigí imigéiniúla.

Salm 65