1. Salm Dháiví. Nuair a bhí sé ag lonnú i bhfásach Iúdá.
2. A Dhia, mo Dhia thú, is tú a iarraim,tá íota tharta ar m'anam chugat.Ní théann lagadh ar mo cholainn ach ag tnúth leatamhail talamh túr tirim gan uisce.
3. Is mar sin a bhínn ag amharc ort san ionad naofad'fhonn go bhfeicfinn do ghlóir is do chumhacht.
4. De bhrí gur fearr ná an bheatha féin do bhuanghrá,canfaidh mo bheola do mholadh.
5. Ar an ábhar sin beannóidh mé le mo bheo thúagus ardóidh mé mo lámha i d'ainmse.