7. Is é mo charraig é, mo shlánú agus mo dhaingean;ní dhéanfar mo bhogadh.
8. Is i nDia atá mo shlánú is mo ghlóir;is carraig chumhachtach agus díon dom é.
9. Cuirigí bhur ndóchas ann i gcónaí, a phobal;ligigí rún bhur gcroí leis.Is é Dia ár ndídean. Selah
10. Níl san Ádhamhchlann ach puth anála,níl sna huaisle ach bréag;nuair a dhéantar a meá is éadroime iad uilená an phuth anála féin.
11. Ná bíodh bhur ndóchas san ansmachtná bhur maíomh san fhoghail.Má dhéantar bhur maoin a mhéadúná santaigí in bhur gcroí í.
12. Aon uair amháin a labhair Dia,dhá ní a chuala mé;gur le Dia an chumhacht, a Thiarna,
13. agus gur leatsa an buanghrá,agus go ndíolann tú an comhar le gach aon neachde réir a shaothair.