Salm 60:1-5 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Do stiúrthóir an chóir. Leis an bhfonn “Lile an Dlí”. Mictam le Dáiví. Le foghlaim.

2. Nuair a ghabh sé amach i gcoinne Arám Naharaím agus Arám Zóbá nuair a tháinig Ióáb ar ais gur threascair sé Eadóm i nGleann an tSalainn - 12,000 (fear).

3. Theilg tú uait sinn, a Dhia, agus threascair tú sinn;bhí tú i bhfeirg linn, fill orainn arís.

4. Chroith tú an talamh agus scoilt tú é.Déan a chréachtaí a leigheas óir tá sé ar crith.

5. Chuir tú do phobal faoi chuing an chruatain,thug tú fíon ár mearaithe le hól dúinn.

Salm 60