Salm 58:2-6 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

2. An í an fhíréantacht a fhógraíonn sibh a lucht na cumhachta?an é an ceartbhreithiúnas a thugann sibh ar chlann na ndaoine?

3. Ní hé; óir beartaíonn sibh éagóir in bhur gcroítheagus is amhlaidh a imríonn sibh an lámh láidir ar talamh.

4. Chuaigh na hurchóidigh ar seachrán fiú amháin ó bhroinn a máthar;lucht éithigh ar an bhfán iad ón uair a saolaíodh iad.

5. Is cosúil a nimh le nimh nathrach nimhe;le nimh na nathrach a chalcann a cluasa

6. d'eagla go gcluinfeadh sí glór an mhealltóranó glór an draíodóra ag imirt a chuid draíochta.

Salm 58