Salm 56:3-13 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

3. Gabhann mo naimhde de chosa ionam i gcónaí,is iomaí duine a bhíonn ag troid liom go huaibhreach.

4. Nuair is eagal liom is ort atá mo sheasamh,

5. ar Dhia dá dtugaim moladh as ucht a bhriathair.As Dia atá mo mhuinín gan eagla,Cad a fhéadfaidh fuil is feoil a dhéanamh dom?

6. Cuireann siad mo bhriathra as a ríocht i gcónaí;níl de rún acu ach dochar a dhéanamh dom.

7. Tionólann siad le chéile in oirchill orm;téann siad ar mo lorg le fonn mo mharaithe.

8. [Cúitigh] a n‑urchóid leo, a Dhia,déan na ciníocha a chloí i do chuthach.

9. Choinnigh tú cuntas ar mo chuid seachrán;tá mo chuid deor i dtaisce i do bhuidéal;nach bhfuil siad arna mbreacadh i do leabhar?

10. Cuirfear mo naimhde ar gcúlan uair a ghlaofaidh mé ort,óir is eol dom anois go bhfuil Dia liom.

11. As Dia, dá dtugaim moladh as ucht a bhriathair,

12. as Dia atá mo mhuinín gan eagla;cad a fhéadfaidh fuil is feoil a dhéanamh dom?

13. Tá mé faoi cheangal na móideanna a rinne mé duit;toirbhreoidh mé íobairtí buíochais duit, a Dhia,

Salm 56