Salm 56:10-14 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

10. Cuirfear mo naimhde ar gcúlan uair a ghlaofaidh mé ort,óir is eol dom anois go bhfuil Dia liom.

11. As Dia, dá dtugaim moladh as ucht a bhriathair,

12. as Dia atá mo mhuinín gan eagla;cad a fhéadfaidh fuil is feoil a dhéanamh dom?

13. Tá mé faoi cheangal na móideanna a rinne mé duit;toirbhreoidh mé íobairtí buíochais duit, a Dhia,

14. toisc gur tharrthaigh tú m'anam ón mbásagus choinnigh tú mo chosa ó thuisliú,ionas go siúlfainn i bhfianaise Dé,is go mbainfinn aoibhneas as solas na mbeo.

Salm 56