Salm 55:5-17 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

5. Tá mo chroí arna chloí ionam istigh:titeann eagla an bháis orm.

6. Tagann sceimhle is scanradh orm anuas,tá mé i mo stalc ag an uamhan.

7. “Mo thrua,” a deirim, “gan sciatháin an choilm agam;d'eitleoinn liom faoi shuaimhneas.”

8. Is amhlaidh a rachainn in imigéingo ndéanfainn cónaí san fhásach.

9. Theithfinn gan mhoill ar lorg fothanaón stoirm is ón spéirling;

10. ó anfa clúmhillteach mo namhad,ó thonn tuile a dteangacha.Óir ní fheicimse aon ní sa chathairach imreas is éigean;

11. siúlann siad ballaí na cathrachde lá agus d'oíche.Is lán í d'olc agus d'urchóid;

12. Tá an peaca ina lár.Ní scarann an foréigean ná an fealllena sráideanna choíche.

13. Dá mba namhaid é an té a thug aithis domd'fhéadfainn cur suas leis.Dá mba eascara a d'éirigh i m'éadanrachainn i bhfolach uaidh.

14. Ach tusa! mo dhlúthchara féin is mo chaomhchompánacha rinne an ní seo!

15. Ba chairde cléibh sinn a shiúil in éineacht in áras Dé.

16. Go gcastar an bás go tobann orthu;go dté siad beo san uaigh síos.Óir cónaíonn an urchóid ina n‑áraisagus i gceartlár a gcroí.

17. Ach glaofaidh mise ar Dhiaagus saorfaidh an Tiarna mé.

Salm 55