Salm 55:4-14 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

4. Táim ar crith de bharr gártha an namhadagus ansmacht na n‑urchóideach;óir tarraingíonn siad an t‑olc anuas orm;bíonn siad do mo chiapadh le neart a bhfeirge.

5. Tá mo chroí arna chloí ionam istigh:titeann eagla an bháis orm.

6. Tagann sceimhle is scanradh orm anuas,tá mé i mo stalc ag an uamhan.

7. “Mo thrua,” a deirim, “gan sciatháin an choilm agam;d'eitleoinn liom faoi shuaimhneas.”

8. Is amhlaidh a rachainn in imigéingo ndéanfainn cónaí san fhásach.

9. Theithfinn gan mhoill ar lorg fothanaón stoirm is ón spéirling;

10. ó anfa clúmhillteach mo namhad,ó thonn tuile a dteangacha.Óir ní fheicimse aon ní sa chathairach imreas is éigean;

11. siúlann siad ballaí na cathrachde lá agus d'oíche.Is lán í d'olc agus d'urchóid;

12. Tá an peaca ina lár.Ní scarann an foréigean ná an fealllena sráideanna choíche.

13. Dá mba namhaid é an té a thug aithis domd'fhéadfainn cur suas leis.Dá mba eascara a d'éirigh i m'éadanrachainn i bhfolach uaidh.

14. Ach tusa! mo dhlúthchara féin is mo chaomhchompánacha rinne an ní seo!

Salm 55