Salm 55:18-24 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

18. Ar maidin, meán lae, is tráthnóna 18b beidh mé ag caí is ag caoineadh. 18c ach cluinfidh Dia mo ghlór.

19. Fuasclóidh sé m'anam go sítheachón gcath seo a chuirim -óir is iomaí sin duine a throideann liom -

20. Éistfidh sé liom agus cloífidh iad;(tá sé ann ón tsíoraíocht),óir ní théann siad i bhfeabhas ar aon chor,ná ní eagal leo Dia. Selah

21. Síneann gach aon neach a lámh in aghaidh a chairde;briseann sé a chonradh.

22. Is sleamhaine a bhriathra ná im,ach tá cogadh ina chroí.Is boige a bhriathra ná ola,ach is claímhte arna nochtadh iad.

23. Caith do chúram ar an Tiarnaagus déanfaidh sé taca duit;ní leomhfaidh sé go mbainfear barrthuisleas an bhfíréan go brách.

24. Ach seolfaidh tusa síos iad, a Thiarna,go poll an bháis;ní bhfaighidh lucht fola agus fillach leath a laethanta.Is ort atá mo sheasamh, a Thiarna.

Salm 55