Salm 53:4-7 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

4. Chuaigh siad uile ar seachrán;truaillíodh iad uile,níl neach ann a dhéanfadh an mhaith,níl oiread is duine.

5. An ea nach bhfuil ciall ag lucht an oilc?Slogann siad mo phobalgo díreach mar a shlogfaí arán.Ní ghlaonn siad ar Dhia.

6. Beidh siad ar crith le heaglagan aon chúis eagla acu.Óir scaip Dia cnámha do lucht ionsaithe;tugadh a náire agus dhiúltaigh Dia dóibh.

7. Á, go dtaga slánú Iosrael as Síón amach!Nuair a chasfaidh an Tiarna an rath ar a phobalbeidh áthas ar Iacób agus gairdeas ar Iosrael.

Salm 53