1. Do stiúrthóir an chóir. Leis an bhfonn “Mahalat”. Mascil Dháiví.
2. Deir an t‑amadán ina chroí:“Níl aon Dia ann.”Tá siad truaillithe; déanann siad gníomhartha gránna;níl aon duine maith ann.
3. Breathnaíonn an Dia ó neamhar chlann na ndaoinego bhfeice sé an bhfuil tuiscint ag aon duinenó an iarrfaidh sé Dia.
4. Chuaigh siad uile ar seachrán;truaillíodh iad uile,níl neach ann a dhéanfadh an mhaith,níl oiread is duine.
5. An ea nach bhfuil ciall ag lucht an oilc?Slogann siad mo phobalgo díreach mar a shlogfaí arán.Ní ghlaonn siad ar Dhia.