Salm 51:1-14 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Do stiúrthóir an chóir. Salm Dháiví,

2. an uair a tháinig Nátán fáidh chuige tar éis do [Dháiví] peaca a dhéanamh le Baitseaba.

3. Déan trócaire orm, a Dhia, de réir do bhuanghrá:cealaigh mo choir as iomad do thrua.

4. Nigh go huile mé ó mo chion,agus déan mo pheaca a ghlanadh díom.

5. Óir aithním mo chionta go maithagus tá mo pheaca os mo chomhair i gcónaí.

6. Is ortsa amháin a pheacaigh mé;an ní is olc i do láthair a rinne mé.Ionas go mba léir gur ceart é do bhreithagus go dtugann tú breithiúnas gan locht.

7. Ach féach gur rugadh faoi chion méagus gur gineadh i mbroinn mo mháthar faoi pheaca mé.

8. Féach, is geal leat an croí dílis,agus i mo lár istigh múineann tú eagna dom.

9. Croith orm hiosóip agus glanfar mé;nigh mé agus is gile mé ná an sneachta.

10. Lig dom an gairdeas agus an t‑áthas a chloisteáil,agus beidh lúcháir ar na cnámha a bhrúigh tú.

11. Iompaigh do ghnúis ó mo pheacaíagus cealaigh mo chionta go léir.

12. Cruthaigh ionam croí glan, a Dhia,agus cruthaigh spiorad daingean as an nua ionam.

13. Ná díbir amach as do radharc méagus ná beir do naomhspiorad uaim.

14. Tabhair ar ais dom áthas do shlánaitheagus tabhair spiorad na díograise mar thaca dom.

Salm 51