Salm 50:3-8 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

3. Tháinig ár nDia amach, ní fhanfaidh sé ina thost.Gluaisfidh tine chraosach roimhe amachagus anfa gaoithe ina thimpeall.

4. Fágfaidh sé a fhianaise ar neamh agus ar talamhgo dtabharfaidh sé breithiúnas ar a phobal:

5. “Cruinnigí mo phobal naofa i mo láthaira cheangail mo chonradh le híobairt.”

6. Foilsíonn na flaithis a fhíréantachtóir is é Dia é féin is breitheamh.

7. “Éistigí, a phobal liom, labhróidh mé,tabharfaidh mé fianaise i do choinne, a Iosrael;óir is mise is Dia ann - do Dhiasa.

8. Ní de bharr d'íobairtí a cháinim thú:bíonn do loiscíobairtí i mo láthair de shíor.

Salm 50