Salm 49:2-11 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

2. Éistigí, a chiníocha go léir,tugaigí cluas, a áitritheoirí na cruinne,

3. íseal agus uasal in éineacht,saibhir agus daibhir le chéile.

4. Labhróidh mo bhéal briathra ciallmhara;is lán mo chroí de thuiscint.

5. Claonfaidh mé mo chluas le fáthscéal,sceithfidh mé mo rún leis an gcláirseach.

6. Cén fáth a mbeadh eagla orm lá an oilcagus mioscais lucht ceilge i mo thimpeall -

7. dream a mbíonn a ndóchas ina saibhreasagus a mhaíonn as méid a maoine?

8. Ní thig le haon duine é féin a fhuascailtná éiric a anama a dhíol le Dia;

9. is ródhaor aige éiric a anama.

10. Ní thig leis síorbheatha a cheannachle súil nach bhfeice sé an uaigh.

11. Feiceann sé an saoi agus an daoi ar láragus a maoin ag daoine eile ina ndiaidh.

Salm 49