Salm 49:12-17 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

12. Tuamaí is dídean dóibh go brách,a n‑árais chónaithe ó ghlúin go chéilecé go mbíodh a n‑ainm in airde sa tír.

13. Óir ní buan é séan an duine;is cosúil é leis na beithígh a théann ar ceal.

14. Slí na baothmhuiníne a slí siúd,críoch na droinge lenarb áil a maoin.Tiomáintear iad mar chaoirigh chun na huaighe

15. mar a ndéanfaidh an bás a n‑aoireachtagus mar a gcuirfear faoi smacht na bhfíréan iad.Imeoidh a dtaibhse ar maidin;san uaigh a bheidh a n‑áras acu feasta.

16. Ach saorfaidh Dia m'anamsa ar ifreannan uair a ghlacfaidh sé chuige féin mé.

17. Ná bíodh eagla ort má éiríonn duine saibhir;má mhéadaíonn ar mhaoin a theaghlaigh.

Salm 49