Salm 47:7-10 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

7. Seinntear ceol dár nDia, seinntear ceol dó;seinntear ceol dár Rí, seinntear ceol dó!

8. Is é Dia rí na cruinne go léir;seinnigí agus canaigí go hoilte dó!

9. Tá Dia ina rí ar na náisiúin;tá sé ina shuí ar a ríchathaoir naofa.

10. Cruinníonn taoisigh na gciníocha i gceann a chéile;i bhfochair phobal Dhia Abrahám.Óir is le Dia lucht rialaithe na cruinne;is aige atá an chumhacht go hiomlán.

Salm 47