Salm 47:1-7 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Do stiúrthóir an chóir. Salm chlann Chorach.

2. Buailigí bhur mbosa, a chiníocha uile;glaoigí ar Dhia le gártha gairdis!

3. Óir is ard é an Tiarna agus is uamhnach,ina ardrí os cionn na cruinne.

4. Cuireann sé ciníocha faoinár smachtagus cuireann sé náisiúin faoinár gcosa.

5. Is uaidh a fuaireamar ár n‑oidhreacht;oidhreacht Iacóib dá dtugann sé grá.

6. Gabhann Dia in airde le gártha molta;gabhann sé in airde le séideadh an stoic.

7. Seinntear ceol dár nDia, seinntear ceol dó;seinntear ceol dár Rí, seinntear ceol dó!

Salm 47